12. Chruinnigh siadsan agus na seanóirí le chéile agus tar éis an scéal a phlé, thug siad fáltas maith airgid do na saighdiúirí
13. ag rá: “Is é a déarfaidh sibh: ‘Tháinig a chuid deisceabal san oíche agus sinne inár gcodladh agus d'fhuadaigh siad é.’
14. Agus má thagann guth an scéil seo chun an ghobharnóra, cuirfimidne comhairle air agus saorfaimid sibhse ó imní.”
15. Ghlac siad an t‑airgead agus rinne de réir mar a dúradh leo, agus bíonn an scéal á reic i measc na nGiúdach go dtí an lá inniu.
16. D'imigh an t‑aon deisceabal déag leo go dtí an Ghailíl, go dtí an sliabh a cheap Íosa mar ionad coinne dóibh,
17. agus ar a fheiceáil dóibh d'umhlaigh siad dó, ach go raibh amhras ar chuid acu.
18. Tháinig Íosa chucu agus labhair sé leo: “Tá gach údarás tugtha domsa ar neamh agus ar talamh.
19. Imígí dá bhrí sin, déanaigí deisceabail de na náisiúin uile, á mbaisteadh in ainm an Athar agus an Mhic agus an Spioraid Naoimh,
20. ag múineadh dóibh gach ní atá ordaithe agam a choinneáil. Agus féach, táim in éineacht libh i gcónaí go dtí deireadh an tsaoil.”