Matha 13:17-25 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

17. Deirim libh go fírinneach, b'é ba mhian le mórán fáithe agus fíréan na nithe a fheiceáil a fheiceann sibhse agus ní fhaca siad iad, agus na nithe a chloisteáil a chluineann sibhse agus níor chuala siad iad.”

18. “Sibhse mar sin, éistigí le parabal an tsíoladóra.

19. Duine ar bith a chluineann briathar na ríochta agus nach dtuigeann é, tagann Fear an Oilc agus sciobann sé leis an ní a cuireadh ina chroí: agus sin é an duine a ghlac an síol le hais an bhóthair.

20. An duine a ghlac an síol ar na creaga, sin é an duine a chluineann an briathar agus a ghabhann chuige le háthas é láithreach,

21. ach ní bhíonn fréamh aige ann féin, ach é neamhbhuan; an túisce is a thagann trioblóid nó géarleanúint mar gheall ar an mbriathar, cliseann air.

22. An duine a ghlac an síol sa deilgneach, sin é an duine a chluineann an briathar, ach go mbíonn cúram an tsaoil agus mealladh an tsaibhris ag plúchadh an bhriathair agus fágtar gan toradh a thabhairt é.

23. Ach an duine a ghlac an síol ar an talamh maith, sin é an duine a chluineann an briathar agus a thuigeann é; agus tugann sé sin toradh uaidh gan teip, faoi chéad nó faoi sheasca, nó faoi thríocha de réir mar a bhíonn.”

24. Chuir sé parabal eile os a gcomhair: “Is iad dála ríocht na bhflaitheas,” ar seisean, “mar a bhí ag an duine a chuir síol maith ina ghort.

25. Ach fad a bhí an saol ina chodladh, bhí namhaid dó a tháinig ag scaipeadh cogail anuas ar an arbhar, agus d'imigh.

Matha 13