Matha 11:5-15 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

5. tá radharc ag daill, tá siúl ag bacaigh, glantar lobhair agus tá éisteacht ag bodhráin, éiríonn na mairbh agus fógraítear an dea-scéal do bhoicht.

6. Is méanar don té nach ceap tuisle dó mise.”

7. Le linn dóibh seo bheith ag imeacht, thosaigh Íosa ag caint leis na sluaite faoi Eoin: “Cad a chuaigh sibh amach faoin bhfásach a fheiceáil? Giolcach á suaitheadh ag an ngaoth?

8. Ach cad a chuaigh sibh amach a fheiceáil? Duine a bhí cóirithe go mín? Iad seo a mbíonn éadaí míne orthu, is i dtithe na ríthe atá siad.

9. Ach cad a thug amach sibh? Chun fáidh a fheiceáil? Sea, deirim libh, agus duine ba mhó ná fáidh.

10. Is é seo an té a bhfuil scríofa mar gheall air:‘Féach, cuirim mo theachtaire romhata réiteoidh do bhóthar faoi do chomhair.’

11. “Deirim libh go fírinneach, níor éirigh ar shliocht na mban duine ba mhó ná Eoin Baiste; ach an té is lú i ríocht na bhflaitheas, is mó é ná eisean.

12. Ó laethanta Eoin Baiste go dtí anois tá foréigean á dhéanamh ar ríocht na bhflaitheas agus fuadaíonn lucht an fhoréigin leo í.

13. Óir, na fáithe uile, agus an dlí freisin, thug siad a dtairngreacht chomh fada le hEoin,

14. agus mura miste libh mé a chreidiúint ann, is é an tÉilias a bhí le teacht é.

15. An té a bhfuil cluasa air, éisteadh sé!

Matha 11