Marcas 2:6-8 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

6. Bhí cuid de na scríobhaithe ina suí ansiúd ag smaoineamh ina gcroí:

7. “Cad a bheir dó seo labhairt mar sin? Is diamhasla dó é. Cé fhéadann peacaí a mhaitheamh ach amháin Dia?”

8. Ach thuig Íosa láithreach ina spiorad go raibh an smaoineamh sin ina n‑aigne agus dúirt sé leo: “Cad a bheir na smaointe sin in bhur gcroí?

Marcas 2