Lúcás 21:25-33 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

25. “Agus beidh comharthaí sa ghrian agus sa ghealach agus sna réaltaí. Ar an talamh beidh duainéis ar na náisiúin, iad ar mearbhall ó ghlór agus ó mhórtas na farraige;

26. daoine i bhfantaisí éaga le barr eagla agus imní faoi na nithe atá le breith ar an gcruinne; óir beidh cumhachtaí na bhflaitheas ar crith.

27. Agus ansin feicfear Mac an Duine ag teacht sa scamall le cumhacht agus iomad glóire.

28. Nuair a thosóidh na nithe sin ag teacht, seasaígí suas agus ardaígí bhur gceann, óir tá bhur bhfuascailt in achmaireacht.”

29. Agus labhair sé parabal leo: “Féachaigí an crann fígí agus na crainn eile.

30. Nuair a bhíonn siad ag eascar, bíonn a fhios agaibh ag féachaint orthu, go bhfuil an samhradh in achmaireacht feasta.

31. Amhlaidh sin daoibh nuair a fheicfidh sibh na nithe úd ag teacht, bíodh a fhios agaibh go bhfuil ríocht Dé in achmaireacht.

32. Deirim libh go fírinneach, ní imeoidh an ghlúin seo gan gach uile ní a bheith tagtha chun cinn.

33. Imeoidh neamh agus talamh, ach ní imeoidh mo bhriathrasa choíche.

Lúcás 21