Lúcás 2:17-21 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

17. Agus ar a fheiceáil dóibh, d'inis siad an ní a dúradh leo mar gheall ar an leanbh seo.

18. Agus cách a chuala, b'ionadh leo na nithe a dúirt na haoirí leo.

19. Agus thaiscigh Muire ina cuimhne na nithe seo uile, ag machnamh orthu ina croí.

20. Agus chuaigh na haoirí ar ais ag glóiriú agus ag moladh Dé faoinar chuala siad agus a bhfaca siad, de réir mar a bhí ráite leo.

21. Nuair a bhí ocht lá caite agus é le timpeallghearradh, tugadh Íosa mar ainm air, mar a thug an t‑aingeal air sular gabhadh sa bhroinn é.

Lúcás 2