14. agus beidh sonas ort, de bhrí nach bhfuil teacht acu ar é a chúiteamh leat; óir cúiteofar leat é in aiséirí na bhfíréan.”
15. Duine díobh seo a bhí ag bord leis, ar chloisteáil an méid sin dó, dúirt sé leis: “Is méanar don té a chaitheann a chuid i ríocht Dé!”
16. Dúirt sé leis: “Bhí fear ann agus dinnéar mór aige á thabhairt, agus thug sé cuireadh dá lán.
17. Chuir sé a sheirbhíseach uaidh ar uair an dinnéir á rá leo seo a fuair an cuireadh: ‘Tagaigí, mar tá sé reidh anois.’
18. Agus thosaigh siad uile mar a chéile á leithscéalú féin. Dúirt an chéad duine leis: ‘Tá feirm ceannaithe agam, agus is éigean dom dul amach á feiceáil; iarraim ort mo leithscéal a ghabháil.’