13. Bíodh tine dhearg i gcónaí ar an altóir; ná ligtear in éag í.
14. Seo é gnás na habhlainne: Tugadh duine de chlann mhac Árón í isteach os comhair na haltóra i láthair an Tiarna.
15. Tógadh sé dorn de phlúr mín na habhlainne - leis an ola agus an túis a cuireadh léi - agus dódh sé an chuid chuimhnithe seo ar an altóir mar bholadh cumhra taitneamhach leis an Tiarna.
16. Itheadh Árón agus a chlann mhac an chuid eile di; ach ithidís í mar bhuilíní slimaráin in áit naofa i gcúirt Bhoth na Teagmhála.
17. An chuid a thugaim dóibh de mo íobairt loiscthe, ná bruitear í agus gabháile inti; is cuid shárnaofa í, dála an íobairt pheaca agus an íobairt chúitimh.
18. Is ceadmhach do gach fireannach de chlann Árón an chuid seo de íobairt loiscthe an Tiarna a ithe. Dlí síoraí é seo do bhur sliocht go léir: gach duine a bhainfidh leo, beidh siad coisricthe.”
19. Labhair an Tiarna le Maois agus dúirt: