3. Fuílleach na habhlainne, bíodh sé ag Árón agus a chlann mhac; is cuid shárnaofa é d'íobairtí dóite don Tiarna.
4. Más abhlann de thaos bruite sa sorn a bhíonn le hofráil agat, bíodh inti builíní slimaráin de phlúr fuinte le hola, nó cácaí slimaráin agus ola leata orthu.
5. Más abhlann bruite ar an ngrideall a ofrálann tú, bíodh sí de phlúr mín gan ghabháile, fuinte le hola.
6. Bris ina píosaí í, agus doirt ola uirthi, óir is ofráil bhia í.