22. agus iompróidh an pocán ualach a gcoireanna go léir leis amach faoin bhfásach.
23. “Ansin tiocfaidh Árón isteach i mBoth na Teagmhála tar éis dó an gabhar a sheoladh faoin bhfásach. Baineadh sé de an éide lín a chuir sé uime ag dul isteach sa sanctóir, agus fágadh sé ansiúd í.
24. Déanadh sé é féin a ionladh in áit choisricthe, agus ansin cuireadh sé na héidí uime arís, agus gabhadh sé amach arís chun a íobairt uileloiscthe féin agus íobairt uileloiscthe a phobail a ofráil, agus leorghníomh a dhéanamh ar a shon féin agus ar son an phobail;
25. ní foláir dó saill an íobairt pheaca a loscadh ar an altóir.
26. An té a scaoilfidh an gabhar chun Azázael, déanadh sé a chuid éadaigh agus a chorp a ní le huisce, agus ní miste dó filleadh ar an gcampa ansin.