Leabhar Na N-Olagón 5:20-22 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

20. Cén fáth a ligfeá sinne i ndearmad go deoagus a dtréigfeá sinn go síoraí suthain?

21. Cas ar ais chugat féin sinn, a Thiarna, agus fillfimid ort;athbhunaigh an réim a bhíodh againn anallód.

22. Óir tá tú tar éis sinn a shéanadh amach agus amach,is an-mhór ar fad an fhearg a ghlac tú linn.

Leabhar Na N-Olagón 5