Íseáia 8:9-17 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

9. Bíodh fhios agaibh é, a náisiúna, scriosfar sibh;éistigí, a chiníocha i gcéin,ceanglaígí oraibh bhur n‑airm, ach scriosfar sibh,ceanglaígí oraibh bhur n‑airm, ach scriosfar sibh.

10. Beart má cheapann sibh, tá sé ó rath;focal má labhraíonn sibh, níl aon bhrí ann,mar tá Dia linne.

11. Óir is amhlaidh seo a labhair an Tiarna liom,nuair a rug a lámh orm chun mé a cheapadhó shlí an phobail seo a leanúint.

12. “Ná tabhair comhcheilgar gach a dtugann an pobal seo comhcheilg air;an ní is eagal leo,ná bíodh eagla ortsa roimhe, ná uamhan.

13. Tiarna na Slua,is é nach mór a naomhú;roimhesean a bheidh eagla oraibh, agus uamhan.

14. Eisean an sanctóir agus an ceap tuisleeisean an charraig a bhainfidh leaganas dhá theaghlach Iosrael;é ina shás agus ina ghaistedo mhuintir Iarúsailéim.

15. Agus bainfear tuisle as mórán díobh,titfidh siad agus brisfear iad;rachaidh siad sa dol agus béarfar orthu.”

16. Tá an tiomna faoi chlúdach,an teagasc faoi shéala agami gcroí mo dheisceabal.

17. Tá mé ag fanacht leis an Tiarna,atá ag ceilt a ghnúise ar theaghlach Iacóib,is ann atá mo dhóchas.

Íseáia 8