Íseáia 5:2-5 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

2. Rinne sé a romhar agus a ghlanadh ó chlocha,agus chuir sé togha na bhfíniúnacha ann,thóg sé túr faire ina lár,agus thochail cantaoir ann leis.Agus bhí sé ag dréim le caora fíona uaidh,ach thug sé fiachaora dó.

3. Agus anois, a phobal Iarúsailéimagus a mhuintir Iúdá,tugaigí breithiúnasidir mé féin agus an fíonghort seo liom.

4. Cad a d'fhéadfainn a dhéanamh ar son m'fhíonghoirtnach bhfuil déanta agam?Bhí mé ag dréim le caora fíona.Cén fáth na fiachaora amháin?

5. Tá, cuirfidh mé in iúl daoibh anoiscad tá mé chun a dhéanamh le m'fhíonghort:an claí a bhaint as chun go mbeidh sé ina fhéarach,an balla a leagan chun go satlófar air.

Íseáia 5