Íseáia 43:4-8 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

4. Mar is luachmhar thú i mo shúile,is mór liom thú agus is mór é mo chion ort.Is ar an ábhar sin a thugaim daoine uaim i d'ionad,agus ciníocha in éiric d'anama.

5. Ná bíodh eagla ort, mar tá mise leat.As oirthear domhain tabharfaidh mé do shliochtagus cruinneoidh mé thú as an domhan thiar.

6. Déarfaidh mé leis an Tuaisceart: ‘Tabhair ar ais iad!’agus leis an Deisceart: ‘Ná coinnigh seilbh orthu!’Seol ar ais mo chlann mhac as an imigéinagus m'iníonacha ó chríocha na talún,

7. cách a nglaoitear dó m'ainmse,óir is ar mhaithe le mo ghlóir a chruthaigh mé iad,is í faoi deara dom a ndealbhú agus a ndéanamh.”

8. Chun tosaigh leis an bpobal seo atá dall cé go bhfuil súile iontu,an dream bodhar a bhfuil cluasa acu.

Íseáia 43