Íseáia 40:14-21 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

14. Cé air a d'iarrfadh sé comhairle chun breithiúnas,chun eolas a chur ar bhealach na córach,chun slí na tuisceana a aimsiú?

15. Féach, tá na ciníocha mar bheadh braon i mbuicéad aige!níl iontu ach deannach ar an ainsiléad.Tógann sé suas na hoileáin mar nach mbeadh iontu ach dúlagáin.

16. Níor leor an Liobáin ar fad le haghaidh connaidh,ná níor leor a hainmhithe le haghaidh íobairt loiscthe.

17. Is cuma na ciníocha nó neamhní ina láthair;is baoth leis iad agus is lú ná neamhní.

18. Cé leis mar sin a chuirfidh sibh Dia i gcosúlacht?Cén tsamhail a thabharfaidh sibh dó?

19. Íol, an ea? Rud a theilgeann ceardaí i múnla,a gcuireann gabha screamh óir air,agus a ngaibhníonn sé slabhraí airgid dó.

20. Lorgann snoíodóir cliste adhmad crann pailme dó,adhmad nach lobhann, chun dealbh théagartha a chur suas.

21. An ea nárbh eol daoibh? An ea nár chuala sibh?An ea nár insíodh daoibh é ón tús?An ea nach bhfuil sé tuigthe agaibh ó bunaíodh an domhan?

Íseáia 40