Irimia 51:44-49 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

44. “Smachtóidh mise Béil sa Bhablóinagus tógfaidh mé amach as a bhéal an ní a shlog sé.Ní bheidh na náisiúin a thuilleadhag teacht chuige ina scuaine.Tá balla na Bablóine ar lár.

45. A phobal liom, imígí amach aisti;saoradh gach duine agaibha anam féin ó fhearg dhíscir an Tiarna

46. Ach ná bígí go tromchroíoch!Ná scanraígí le gach scéala bhíonn á reic ar fud na tíre:iomrá i mbliana, ceann eile an bhliain dár gcionn;tá foréigean in uachtar ar talamhagus cealaíonn tíoránach amháin tíoránach eile.

47. Féach, tá na laethanta ag teachta dtabharfaidh mise breithiúnas ar íola na Bablóine.Beidh náire shaolta ar a dúiche ar fad,agus a mairbh uile sínte ina lár.

48. Ansin gairfidh neamh agus talamhagus gach a bhfuil iontu,le teann lúcháire mar gheall ar an mBablóin,óir tá na scriosadóirí ón tuaisceartag teacht ina héadan - an Tiarna a labhraíonn.

49. Ní mór don Bhablóin titim ar a seal,mar gheall orthu siúd a maraíodh in Iosrael,mar is tríd an mBablóin a thitan oiread sin marbh ar dhroim na talún.

Irimia 51