Irimia 4:17-22 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

17. Tá siad timpeall Iarúsailéim agus máguairdfearacht lucht coimhéadta goirt,de bhrí go raibh sí easumhal domsa - an Tiarna a labhraíonn.

18. Thug d'iompar féin agus do ghníomhartha na nithe seo ort.Is í seo do chinniúint, agus is searbh í.Cé mar a shroicheann sé do chroí istigh!”

19. Tá mé faoi chrá. Tá mé ag lúbarnaíl le pian.Á, ballaí mo chroí! - Tá mo chroí á shníomh.Ní fhéadaim gan labhairt, óir chuala méfuaim an stoic agus dreasú an chatha.

20. Níl de scéala ach anachain ar muin anachaine;déantar fásach den dúiche ar fad;scriostar mo bhothanna go tobann,mo dhídean, in imeacht nóiméid.

21. Cá fhad a chaithfidh mé an meirge a fheiceáil,agus guth an stoic a cloisteáil?

22. “Is mar seo atá sé óir tá mo phobal dallaigeanta;níl aithne acu orm.Is clann dúr iad, gan aon cheann orthu.Tá siad glic go leor chun olc a dhéanamh,ach do dhéanamh maitheasa níl tuiscint acu.”

Irimia 4