Irimia 24:1-5 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Thaispeáin an Tiarna fís dom: bhí dhá chliabh fígí curtha os comhair Theampall an Tiarna amach. Tharla sé seo tar éis Nabúcadnazar, rí na Bablóine, a bhreith Iacoiniá mac Iahóiácaím, rí Iúdá, leis i láimh as Iarúsailéim, agus uaisle uile Iúdá, in éineacht leis na gaibhne agus na ceardaithe, agus iad a bhreith don Bhablóin.

2. Bhí fígí maithe i gcliabh amháin díobh, cosúil leis na fígí a bhíonn aibí i dtús; sa chliabh eile bhí fígí an olca, nárbh fhéidir a ithe ar a n‑olcas.

3. Ansin dúirt an Tiarna liomsa: “Céard a fheiceann tú, a Irimia?” Dúirt mise: “Fígí, na cinn mhaithe rómhaith, na droch-chinn ró-olc ionas nach féidir iad a ithe ar a n‑olcas.”

4. Tháinig briathar an Tiarna chugam á rá:

5. “Is mar seo a deir an Tiarna, Dia Iosrael: ‘Faoi mar is maith iad na fígí seo, is amhlaidh sin a rachaidh mé i gcúram lucht deoraíocht Iúdá a sheol mé amach as an áit seo go tír na gCaildéach.

Irimia 24