Irimia 15:15-17 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

15. ar uair a thubaiste agus a anó?Is feasach duit go ndearna!A Thiarna, cuimhnigh ormsa, coinnigh do shúil orm,agus déan mise a dhíolt ar lucht mo ghéarleanúna.Is mall í d'fhearg; ná lig i gcrích go sciobfaí chun siúil mé.Bíodh a fhios agat gur ar do shonsa a fhulaingím masla.

16. Nuair a tháinig do bhriathra, d'ith mise iad.Bhí do bhriathar ina ghairdeachasagus ina lúcháir do mo chroí;óir gaireadh d'ainmse orm, a Thiarna, Dia na Slua.

17. Níor bhain mé sult riamh as suí i gcomhluadar na scigirí;mar gheall ar do láimhse orm, shuigh mé ar leithligh,óir líon tú le fearg mé.

Irimia 15