Iósua 12:1-5 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Siad seo ríthe na tíre a chloígh clann Iosrael agus ar ghabhadar seilbh ar a gcríocha lastall den Iordáin agus i dtreo an oirthir, ó shileán Arnón go Sliabh Hearmón, agus an tArabá ar fad lastoir:

2. Síochon rí na nAmórach a bhí ag cur faoi i Heisbeón, agus ag rialú ó Aroéir ar imeall Ghleann Arnón - agus com an ghleanna san áireamh - thar leath Ghileád chomh fada le habhainn an Iaboc, teorainn na nAmónach;

3. agus soir thar an Arabá go Muir Chinearót ar thaobh, agus go Muir an Arabá, Muir an tSalainn, i dtreo Bhéit Isimiot chomh fada le spoir shliabh Phisceá ar an taobh theas;

4. Óg rí Bháiseán, duine d'iarmhar na Rafáím, a bhí ag cur faoi in Aisteárót agus in Eidreí;

5. bhí sé i gceannas ar Shliabh Hearmón agus ar Shalacá agus ar Bháiseán go léir go teorainn na nGeasúrach agus na Mácátach, agus ar leath Ghileád go teorainn Shíochon rí Heisbeón.

Iósua 12