Iósua 10:14-22 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

14. Ní raibh lá mar é riamh ná ó shin i leith nuair a ghéill an Tiarna do ghuth duine mar bhí an Tiarna ag troid ar son Iosrael.

15. D'fhill Iósua agus Iosrael go léir fairis ar ais ar an gcampa i nGilgeál.

16. Theith an cúigear rí úd agus chuadar i bhfolach in uaimh Mhacaedá.

17. Tugadh scéala chun Iósua: “Fuarthas an cúigear rí agus iad i bhfolach in uaimh Mhacaedá.”

18. “Cuirigí,” arsa Iósua, “leacacha móra le béal na huaimhe, agus díorma fear ar garda láimh léi.

19. Ná fanaigí féin díomhaoin, ansiúd, áfach; téigí sa tóir ar bhur naimhde; sáraígí iad ina gconair theithe agus ná ligigí isteach ina gcathracha iad, mar tá an Tiarna bhur nDia tar éis iad a thabhairt ar láimh daoibh.”

20. Nuair a bhí ár agus eirleach déanta orthu ag Iósua, agus ag saighdiúirí Iosrael agus gan ach iarmhar beag fágtha, theith fuíoll an áir chun a gcathracha daingne.

21. D'fhill an pobal go léir slán folláin ar champa Iósua i Macaedá, agus níor leomhaigh aon duine iarracht a dhéanamh in aghaidh chlann Iosrael.

22. Ansin dúirt Iósua: “Osclaigí béal na huaimhe agus tugaigí an cúigear rí úd amach chugam.”

Iósua 10