1. D'fhreagair Iób an Tiarna agus dúirt:
2. Tá a fhios agam gur féidir leat gach ní a dhéanamh,Agus nach bhfuil smaoineamh ar bith caillte ort.
3. “Cé hé seo a cheileann comhairleLe briathar gan eolas?”Uime sin a dúirt mé nithe nár thuig mé,Nithe ró-iontacha narbh eol dom iad.
4. Éist, le do thoil, agus labhróidh mé;“Cuirfidh mise ceist, agus tabhairse dom an t‑eolas.”
5. Ní raibh agam ort ach clos tráchta,Ach anois chonaic mo shúile cinn thú.
6. Ar an ábhar sin, séanfaidh mé mo bhriathra féin,Agus déanfaidh mé aithrí sa deannach agus sa luaithreach.
7. Nuair a bhí an méid sin ráite ag an Tiarna le Iób, dúirt an Tiarna le hEilífeaz ó Théamán: “Tá fraoch feirge orm i d'aghaidhse agus in aghaidh do bheirt chairde, mar nár inis sibh an fhírinne fúm faoi mar a rinne mo shearbhónta Iób.