6. Mar, féach, teithfidh siad leo ón léirscrios;cruinneoidh an Éigipt iad,agus tabharfaidh Meimfís adhlacadh dóibh.Beidh neantóga ina n‑oidhrí ar a n‑earraí luachmhara airgid,agus glacfaidh sceacha seilbh ar a scrínte.
7. Tá laethanta an smachtaithe ag teacht,seo chugainn laethanta an chúitimh.Go raibh a fhios sin ag Iosrael!“Amadán is ea an fáidh”, a deir siad,“is ag rámhaille a bhíonn fear an spioraid.”Cinnte, ach is de dheasca bhur n‑urchóide,agus bhur bhfuatha dom é.
8. Tá faireoir Eafráim i bhfochair mo Dhé- is é an fáidh é.Tá líonta foghlaera leata ar a loirg uile,agus i dteach a Dhé déantar géarleanúint air.
9. Tá poll domhain tochailte acu dó,faoi mar a rinneadh i nGibeá lá dá raibh.Ach coinneoidh an Tiarna cuimhne ar a n‑urchóid,agus cúiteoidh sé leo a bpeacaí.
10. Mar chaora fíniúna san fhásach,is ea a tháinig mé ar Iosrael;mar chéadtoradh an chrainn fígí (i dtús an tséasúir),is ea a leag mé súil ar bhur sinsear.Ach chomh luath agus a shroich siad Bál Peór,choisric siad iad féin don Náire,agus níor lú an t‑ábhar déistine dom iadná na nithe dár thug siad gean.