Hóisé 5:1-3 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Tugaigí aird air seo, a shagarta!Éistigí, a theaghlaigh Iosrael!A theaghlaigh an rí, cuirigí cluas oraibh!Óir is é bhur gcúramsa an ceart a chosaint.Ach dol ba ea sibh i Miozpá,agus líon leata ar Thábór,

2. agus tá poll domhain tochailte acu i Sitím.Is mise áfach an té a smachtóidh iad go léir.

3. Is aithnid dom Eafráim,níl Iosrael folaithe uaim;ach faoi láthair tá Eafráim ina striapach,agus Iosrael truaillithe.

Hóisé 5