20. Ar an tríú lá, ar a lá breithe, rinne Forann féasta dá shearbhóntaí go léir, agus thug sé cead a gcinn don phríomhchornaire agus don phríomhbháicéir i láthair na bhfeidhmeannach.
21. Chuir sé an cornaire ar ais ina phost mar chornaire, chun a chorn a shíneadh chun Fhorainn;
22. chroch sé an príomhbháicéir. Sin mar a bhí mínithe ag Iósaef dóibh.
23. Ach an príomhchornaire, níor chuimhnigh sé ar Iósaef, ach rinne dearmad air.