Geineasas 30:1-2 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Nuair a chonaic Ráchael nach raibh aon chlann bronnta aici féin ar Iacób, tháinig éad uirthi lena deirfiúr agus dúirt sí lena fear: “Tabhair clann dom nó gheobhaidh mé bás.”

2. Las Iacób le fearg in aghaidh Ráchael agus dúirt sé: “An bhfuilimse in áit Dé? Eisean a dhiúltaigh toradh ar do bhroinn.”

Geineasas 30