Geineasas 3:21-24 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

21. Rinne an Tiarna Dia éadaí as seithí don fhear agus dá bhean agus chuir siad orthu féin iad.

22. Ansin dúirt an Tiarna Dia: “Féach! Tá an duine arna dhéanamh cosúil linn féin leis an bhfios maitheasa agus oilc atá aige. Le heagla go sínfeadh sé a lámh chomh maith agus toradh a stoitheadh de chrann na beatha, agus é a ithe agus maireachtáil go deo” -

23. Uime sin dhíbir an Tiarna Dia as gairdín Éidin é chun an talamh as ar tógadh é a shaothrú.

24. Dhíbir sé an duine, más ea, agus chuir sé na ceiribíní agus claíomh lasrach ag síorchasadh, os comhair ghairdín Éidin chun an tslí go crann na beatha a chosaint.

Geineasas 3