Geineasas 19:24-26 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

24. Ansin d'fhear an Tiarna ruibh agus tine anuas ar Shodom agus ar Ghomorá ón Tiarna.

25. Dhíothaigh sé na cathracha sin, agus an gleann go léir, agus lucht na gcathracha go léir, agus a raibh ag fás ar an talamh.

26. Ach, d'fhéach bean Lót siar agus rinneadh gallán salainn di.

Geineasas 19