Geineasas 1:17-20 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

17. Chuir Dia i bhfirmimint neimhe iad le taitneamh ar an talamh,

18. chun an lá agus an oíche a rialú agus an solas a scaradh ón dorchadas. Chonaic Dia gur mhaith sin.

19. Ba shin an ceathrú lá, an nóin agus an mhaidin.

20. Dúirt Dia: “Bíodh rath ar na huiscí le hiomad dúl beo, agus bíodh éanlaith ar eitilt os cionn na talún faoi fhirmimint neimhe.”

Geineasas 1