8. Tá a fhios ag Dia go bhfuilim ag tnúth libh uile le cion Íosa Críost féin.
9. Is é mo ghuí go rachaidh bhur ngrá dá chéile i méid agus i méid le barr eolais agus tuisceana,
10. sa tslí go mba rogha libh na nithe is fearr agus go mbeidh sibh glan gan locht i gcomhair lá Chríost
11. agus go mbeidh sibh lán de thorthaí na fíréantachta sin a thagann trí Íosa Críost, chun moladh agus glóire Dé.
12. Ba mhaith liom é seo a chur in iúl daoibh, a bhráithre: an cor atá ormsa gurb amhlaidh a chuidigh sé leis an dea-scéal a chur chun cinn
13. mar gur follas don gharda praetóireach ar fad agus do chách eile gur ar son Chríost atáimse i ngéibheann.