Eoin 4:24-32 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

24. Spiorad é Dia, agus lucht a adharthais i spiorad agus i bhfírinne a chaithfidh siad adhradh.”

25. Dúirt an bhean leis: “Tá a fhios agam go bhfuil an Meisias ag teacht” - is é sin le rá an Críost - “agus nuair a thiocfaidh seisean inseoidh sé gach aon ní dúinn.”

26. Dúirt Íosa léi: “Mise é atá ag caint leat.”

27. Lena linn sin tháinig a dheisceabail agus rinne siad ionadh de go raibh sé ag caint le bean. Ní dúirt aon duine acu, áfach: “Cad tá uait?” ná “Cén fáth tú a bheith ag caint léi?”

28. Lig an bhean a crúsca uaithi ansin agus d'imigh léi isteach don chathair agus dúirt leis na daoine:

29. “Tagaigí go bhfeicfidh sibh fear a d'inis dom gach ní dá ndearna mé. An féidir gurb é an Criost é?”

30. Ghluais deoine amach as an gcathair agus bhí siad ag dul ina threo.

31. Lena linn sin bhí a dheisceabail ag tathant air: “A raibí,” ar siad leis, “bí ag ithe.”

32. Dúirt sé leo: “Tá agam bia le hithe nach eol daoibhse.”

Eoin 4