Eoin 11:30-35 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

30. Óir ní raibh Íosa tagtha fós isteach sa bhaile ach bhí sé go fóill san áit inar bhuail Marta leis.

31. Na Giúdaigh ansin a bhí sa teach i bhfochair Mháire ag cur sóláis uirthi, nuair a chonaic siad Máire ag éirí agus ag imeacht amach go deithneasach, lean siad í á mheas gur ag dul chun an tuama a bhí sí le caoineadh a dhéanamh ann.

32. Nuair a tháinig Máire mar a raibh Íosa, agus go bhfaca sí é, chaith sí í féin ag a chosa, á rá leis: “A Thiarna, dá mbeifeá anseo ní bhfaigheadh mo dheartháir bás.”

33. Ansin nuair a chonaic Íosa ag gol í agus na Giúdaigh a tháinig in éineacht léi ag gol, tháinig suaitheadh spioraid agus buaireamh air,

34. agus dúirt sé: “Cá bhfuil sé curtha agaibh?” Dúirt siad leis: “Tar, a Thiarna, agus feic.”

35. Bhris a ghol ar Íosa.

Eoin 11