6. laochra in éide chorcra, rialtóirí agus uaisle, iad uile ina n‑ógánaigh tharraingteacha, oilte ar mharcaíocht chapall.
7. Rinne sí a striapachas leo - ba iad uile togha na nAsaíreach - agus thruailligh sí í féin le híola cách a ndearna sí suirí leo.
8. Níor thréig sí an striapachas a chleacht sí san Éigipt ina hóige nuair a luigh fir léi ag breith ar a brollach maighdeanúil agus á truailliú lena ndrúis.
9. Uime sin, thug mé suas i lámha a leannán í, i lámha na nAsaíreach a ndearna sí suirí leo.
10. D'fhág siadsan í tarnocht, ghabh siad a mic agus a hiníonacha, mharaigh siad ise leis an gclaíomh; agus d'imigh a míchlú i mbéal na mban nuair a cuireadh an breithiúnas uirthi i gcrích.