Eazrá 9:6-9 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

6. agus dúirt:“A Dhia, tá ceann faoi orm agus lasaim le náire agus m'aghaidh á tógáil chugat agam, a Dhia liom, mar méadaíodh ár gcoireanna nó go bhfuil siad níos airde ná ar gceann, agus carnadh suas ár bpeaca ionas go sroicheann sé na flaithis.

7. Ó laethanta ar sinsear i leith is mór í ár gciontacht; agus i ngeall ar ár n‑urchóidí tugadh sinn féin, ár ríthe agus ár sagairt, isteach i lámha ríthe tíortha eile, agus tugadh suas don chlaíomh sinn, don bhraighdeanas, don chreach agus don náire. Agus is amhlaidh atá an scéal inniu.

8. Ach anois, go tobann, tá an Tiarna ár nDia tar éis bheith fabhrach linn; d'fhág sé fuíoll áir againn agus thug sé tearmann dúinn ina áit naofa; sin mar a thug Dia cáil solais dár súile agus cáil faoisimh ónár mbraighdeanas.

9. Óir is daoir sinn. Mar sin féin ní dhearna Dia dearmad dínn inár ndaoirse, ach nocht sé a bhuanghrá inár leith i láthair ríthe na Peirse agus fuair sé cead dúinn Teampall ár nDé a atógáil agus caoi a chur ar a fhothracha agus chuir sé foscadh agus dídean ar fáil dúinn in Iúdá agus in Iarúsailéim.

Eazrá 9