Eazrá 7:11-16 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

11. Seo cóip den cháipéis a thug Artaxarxaes rí d'Eazrá an sagart agus an scríobhaí a bhí oilte go sainiúil ar théacs aitheanta an Tiarna agus ar a dhlíthe ag baint le hIosrael.

12. Artaxarxaes, rí na ríthe, don sagart Eazrá, scríobhaí dhlí Dé neimhe, [síoth agus síocháin!].

13. Seo iad m'orduithe: aon duine i mo ríocht de phobal Iosrael, dá sagairt nó dá Léivítigh, a roghnóidh dá thoil féin, dul suas go Iarúsailéim, níl a bhac air dul leat.

14. Óir tá tusa do do sheoladh ag an rí agus ag a sheachtar comhairleoirí le hiniúchadh a dhéanamh ar Iúdá agus ar Iarúsailéim de réir dhlí do Dhé atá i do sheilbh,

15. agus freisin leis an airgead agus leis an ór a bhreith leat, a d'ofráil an rí agus a chomhairleoirí go deonach do Dhia Iosrael, atá ag cur faoi in Iarúsailéim,

16. agus chomh maith céanna a bhfaighidh tú d'airgead agus d'ór i gcúige na Bablóine go léir, mar aon leis na hofrálacha deonacha a rinne an pobal agus na sagairt do Theampall bhur nDé atá in Iarúsailéim.

Eazrá 7