Eazrá 2:32-41 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

32. clann mhac Háirim, trí chéad agus a fiche;

33. clann mhac Lod, Háidíd, agus Ónó, seacht gcéad fiche a cúig;

34. fir Ireachó, trí chéad daichead a cúig;

35. clann mhac Shaná, trí mhíle sé chéad agus a tríocha.

36. Na sagairt: clann mhac Iadaiá, teaghlach Iéisiúa is é sin, naoi gcéad seachtó a trí;

37. clann mhac Iméir, míle caoga a dó;

38. clann mhac Phaischiúr, míle dhá chéad agus a daichead seacht;

39. clann mhac Háirim, míle agus a seacht déag.

40. Na Léivítigh, clann mhac Iéisiúa, agus Chaidmíéil: clann mhac Hódavá, seachtó a ceathair.

41. Na cantairí: clann mhac Ásáf, céad fiche a hocht.

Eazrá 2