Eagna 19:8-14 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

8. trínar ghabh an náisiún go léira bhí faoi dhídean do láimhe, in aon bhuíon amháin,tar éis dóibh éachtaí iontacha a fheiceáil.

9. Ansin bhí siad ag ceáfráil ar nós capall ar féarach,agus ag léim timpeall cosúil le huainagus iad do do mholadh, a Thiarna,mar is tusa a d'fhuascail iad.

10. Ba chuimhin leo go fóillan saol eachtrach a chaith siad le linn a ndeoraíochta:conas mar a thug an talamh corrmhíolta uaidhin ionad ainmhithe,agus mar a sceith an abhainn lear mór froganna in áit báirí eisc,

11. agus mar a chonaic siad cineál nua d'éanlaith ina dhiaidh sinnuair a d'iarr siad sócamais le haonchorp suthaireachta.

12. Óir, chun sásamh a thabhairt dóibh,tháinig na gearra goirt isteach chucu ón bhfarraige.

13. Imríodh díoltas ar na peacaigh,ach ní dhearnadh é gan rabhadh a thabhairt dóibhroimh ré trí dhéine na gcaor tine.Go deimhin, de dheasca a gcoireanna féin,is le ceart a bhí pianpháis á fulaingt acu;óir ba nimhní ná aon fhuath a bhí ann riamh roimhe sin,an ghráin dhearg a bhí acusan ar a n‑aíonna.

14. Is amhlaidh a bhí daoine eile ann tráth,nach ndearna ach diúltú glacadh le strainséirínuair a tháinig siad ar cuairt chucu;ach rinne an dream seo sclábhaithe d'aíonna,a bhí tar éis comaoin a chur orthu.

Eagna 19