Eagna 19:16-19 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

16. Ní amhlaidh sin don dara dream, áfach.Óir chuir siadsan fáilte agus fleá roimh do phobalagus bhronn siad orthu na cearta céanna agus a bhí acu féin;ach ansin chiap siad iadle daoroibreacha dianmhaslacha.

17. Ar nós an chéad dreama a bhí ina seasamh ag doras an fhíréin,baineadh radharc na súl den dara dream freisin,ach thit dorchadas chomh tiubh leathan sin orthugo raibh gach uile dhuine acu ag amarcaíl ar lorg a dhorais féin.

18. Óir comhcheanglaíodh na dúile le chéile i slite éagsúla,go díreach mar a atheagraítear nótaí na cruitechun foinn le rithimí nua a dhéanamh,ach gan nóta díobh a airde cheart féin a chailleadh.Sin é an tátal soiléir atá le baint as iniúchadha dhéanamh ar a bhfuil tar éis titim amach.

19. Óir rinneadh ainmhithe uisce de bheithígh thalún,agus d'aistrigh snámhairí leo go talamh tirim.

Eagna 19