1. Bhí solas sárgheal ann do do chuid naomh;chuala a naimhde, áfach, a nglór, ach ní bhfuair siadaon radharc orthu,agus ó nach raibh siad tar éis pianpháis a fhulaingt mar iad féinbhí siad á rá gur mhéanar dóibh.
2. Bhí siad buíoch díobh, freisin,toisc nach ndearna siad aon dochar dóibhd'ainneoin go ndearnadh leatrom orthu féin roimhe sin;agus d'iarr siad mar ghrásta orthu imeacht.
3. Mar sin de, in ionad an dorchadais,sholáthraigh tú colún lasrachmar threoraí dóibh ar bhóthar anaithnid,agus mar ghrian neamhdhíobhálach le linna n‑imirce glórmhaire.
4. Bhí sé tuillte, ar ndóigh, ag a naimhde go mbainfí an solas díobhagus go mbeidís ina gcimí sa dorchadas;óir bhí siad tar éis do chlann mhac a choimeád i mbraighdeanasar tríothu a thabharfaí solas domhúchta an dlí don saol.