6. Ach is é fírinne an scéil é go bhfuil ministreacht shagartúil níos uaisle ná sin faighte ag Íosa sa mhéid gurb uaisle é an conradh a bhfuil seisean ina idirghabhálaí air. Óir, is fearr na gealltanais ar a bhfuil an conradh sin bunaithe.
7. Dá mbeadh an chéad chonradh gan locht ní bheadh call leis an dara ceann.
8. Ach, déanta na fírinne, lochtaíonn Dia a phobal nuair a deir sé: “Féach! a deir an Tiarna, tá na laethanta ag teacht a ndéanfaidh mé conradh nua le teaghlach Iosrael agus le teaghlach Iúdá.
9. Ní bheidh sé cosúil leis an gconradh a rinne mé lena sinsir an lá úd ar rug mé ar láimh orthu chun iad a sheoladh amach as tír na hÉigipte. Ach ní raibh siad dílis don chonradh a rinne mé leo agus mar sin de thréig mé iad, a deir an Tiarna.
10. Agus seo é an conradh a dhéanfaidh mé le teaghlach Iosrael tar éis na laethanta sin, a deir an Tiarna: Cuirfidh mé mo dhlíthe isteach ina n‑aigne agus scríobhfaidh mé ar a gcroí iad agus beidh mise i mo Dhia acu agus beidh siadsan ina bpobal agamsa.
11. Ní bheidh ar aon duine acu a chomharsa nó a bhráthair a mhúineadh, á rá: Bíodh aithne agat ar an Tiarna. Óir beidh aithne ag cách orm ó liath go leanbh.