Deotranaimí 28:26-32 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

26. Beidh do chonablach ina bhia ag éanlaith an aeir go léir agus ag ainmhithe na talún, gan aon duine ann chun iad a ruaigeadh.

27. Buailfidh an Tiarna thú le neascóidí na hÉigipte, le hothras, le méirscrí agus le tochas, gan leigheas agat dóibh.

28. Buailfidh an Tiarna thú le poc buile agus le daille agus le meabhrán aigne;

29. agus beidh tú ag únfairt um mheán lae mar a bhíonn an dall ag únfairt sa dorchadas agus ní bheidh an t‑ádh i do bhóthar; ní bheidh ach leatrom agus slad á dhéanamh ort gan stad, gan lámh chúnta a fháil ó aon duine.

30. Pós bean agus luífidh duine eile léi; tóg teach agus ní dhéanfaidh tú cónaí ann; plandaigh fíonghort agus ní chruinneoidh tú a thorthaí.

31. Marófar do dhamh os comhair do shúl agus ní íosfaidh tú greim de; scuabfar d'asal uait os comhair do shúl agus ní dhéanfar é aisíoc leat; tabharfar do chaoirigh do do naimhde agus ní thiocfaidh aon duine i gcabhair ort.

32. Tabharfar do chlann mhac agus iníonacha ar láimh do dhaoine eile, agus gach lá beidh do shúile á snoí asat ag faire amach dóibh gan neart ar bith i do láimh leis an scéal a leigheas.

Deotranaimí 28