1. Chan Deabórá agus Bárác mac Aibíonoam laoi an lá úd:
2. Scaoil laochra in Iosrael a bhfolt le gaothAgus tháinig an pobal i láthair le flosc.Molaigí an Tiarna dá bharrsan.
3. Éistigí, a ríthe! Tugaigí cluas a thaoiseacha!Canfaidh mé don Tiarna,Mórfaidh mé an Tiarna, Dia Iosrael.
4. A Thiarna, nuair a chuir tú chun bóthair ó Shaeír,Nuair a ghabh tú trí chríocha Eadóm,Tháinig crith ar thalamh agus suaitheadh ar neamh,Agus d'imigh scamaill ina mbáisteach.
5. Leáigh na sléibhte os comhair an Tiarna,Os comhair an Tiarna, Dia Iosrael.
6. I laethanta Sheamgar mac Anát,I laethanta Iáéil,Tugadh cúl leis an mbóthar mór;Ghabh lucht taistil na cúlchosáin.
7. Bhí [sráidbhailte] Iosrael marbh, marbh gan anam,Nó gur tháinig tú ar an bhfód, a Dheabórá,Gur tháinig tú ar an bhfód mar mháthair in Iosrael.