Breithiúna 20:33-39 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

33. Ansin fágfaidh arm Iosrael a láithreacha agus cóireoidh siad iad féin in eagar catha ag Bál Támár; idir an dá linn, déanfaidh na hIosraelaigh atá i luíochán lastiar de Gheaba ruathar.”

34. Deich míle fear, tofa as Iosrael go léir, d'ionsaíodar Gibeá, agus ba dhian é an cath a fearadh. Ní raibh a fhios ag clann Bhiniáimin cén tubaiste a bhí ag bagairt orthu.

35. Chuir an Tiarna Biniáimin i raon madhma roimh Iosrael, agus ar an lá sin mharaigh clann Iosrael fiche cúig mhíle agus céad fear de Bhiniáimin; fir a d'fhéad claíomh a láimhseáil iad go léir.

36. Thuig clann Bhiniáimin ansin go raibh buaite orthu.Chuaigh arm Iosrael ar gcúl roimh Bhiniáimin mar go raibh muinín acu as an dream a bhí curtha i luíochán acu in aghaidh Ghibeá.

37. Bhrúcht an lucht luíocháin amach go tapa, agus thugadar faoi Ghibeá, agus d'imríodar faobhar claímh ar lucht na cathrach go léir.

38. Ba é an comhartha a bhí socair idir arm Iosrael agus an lucht luíocháin, go gcuirfidís scamall mór deataigh suas ón gcathair,

39. agus go gcasfadh clann Iosrael a bheadh i lár an chatha ar a sála. Thosaigh Biniáimin ar dtús le timpeall deichniúr ar fhichid de chlann Iosrael a mharú; dúradar leo féin: “Tá siad ag imeacht ina raon madhma romhainn mar a rinneadar cheana, tá siad sin.”

Breithiúna 20