Breithiúna 19:16-23 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

16. Ach seanduine a bhí ag teacht abhaile tráthnóna óna obair sna goirt, tháinig sé an treo. B'as ardáin Eafráim dó, duine deoranta ag cur faoi i nGibeá; Biniáiminigh iad muintir na háite.

17. D'ardaigh sé a shúile agus chonaic an taistealaí ina shuí ansiúd i gcearnóg phoiblí na cathrach; dúirt an seanduine: “Cá bhfuil do thriall? Agus cá has ar tháinig tú?”

18. D'fhreagair seisean é: “Táimid ar an mbóthar ó Bheithil in Iúdá go hiargúl ardáin Eafráim, áit arb as dom. Chuas go Beithil in Iúdá, agus anois táim ag filleadh abhaile; ach níor thug aon duine cuireadh chun a thí dom,

19. cé go bhfuil tuí agus foráiste againn dár n‑asail, agus arán agus fíon dom féin, do do shearbhónta mná anseo, agus do ghiolla turais do shearbhóntaí; níl aon ní de dhíth orainn.”

20. Dúirt an seanduine ansin: “Fáilte romhat! Féachfaidh mise chun a bhfuil uait, ach ná caith an oíche sa chearnóg.”

21. Thug sé chun a thí é, agus thug bia do na hasail. Nigh na taistealaithe a gcosa, ansin d'ith agus d'ól.

22. Fad a bhíodar go súgach ag béile, féach, tháinig cuid d'fhir na cathrach, scraistí, timpeall an tí; bhuaileadar ar an doras agus dúradar leis an seanduine, fear an tí: “Cuir amach an fear a tháinig isteach i do theach i dtreo go ndéanfaimis leis mar is tnúth linn.”

23. Ansin chuaigh fear an tí amach chucu agus dúirt leo: “Ná déanaigí, a dhaoine muinteartha, an choir ghráiniúil sin, impím oraibh. Is aoi agam an fear seo, ná déanaigí beart chomh náireach sin.

Breithiúna 19