Apacailipsis (Taispeántadh) 22:6-9 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

6. Agus dúirt sé liom: “Briathra dílse fírinneacha iad seo. Dia, Tiarna spioraid na bhfáithe, sheol sé a aingeal chun a thaispeáint dá sheirbhísigh na nithe nach foláir a tharlú gan mhoill.

7. Sea, féach, is gearr go deimhin go dtiocfaidh mé. Is méanar don té a choinníonn focail fháistine an leabhair seo.”

8. Mise, Eoin, a chuala agus a chonaic na nithe seo. Nuair a chuala agus a chonaic mé, chaith mé mé féin ag cosa an aingil a d'fhoilsigh na nithe seo dom chun é a adhradh.

9. Ach ar sé liom: “Cuir uait! Is comhsheirbhíseach leatsa mé agus le do bhráithre, na fáithe, agus leis na daoine a choinníonn briathra an leabhair seo. Déan Dia a adhradh.”

Apacailipsis (Taispeántadh) 22