17. Tháinig oifigigh a theaghlaigh agus sheas siad thart timpeall air; d'iarradar air éirí ón talamh, ach dhiúltaigh sé agus ní ghlacfadh sé bia ar bith leo.
18. Ar an seachtú lá, fuair an leanbh bás. Bhí eagla ar fheidhmeannaigh Dháiví a insint dó go raibh an leanbh marbh. “Fad a bhí an leanbh beo,” ar siad, “bhímis ag áiteamh leis, ach ní éistfeadh sé linn. Conas, más ea, a d'fhéadfaimis a rá leis go bhfuil an leanbh marbh? B'fhéidir go ndéanfadh sé díobháil éigin dó féin.”
19. Ach thug Dáiví faoi deara go raibh a fheidhmeannaigh ag cogarnaíl le chéile agus thuig sé go raibh an leanbh marbh. “An bhfuil an leanbh marbh?” arsa Dáiví leis na feidhmeannaigh. D'fhreagair siad: “Tá. Tá sé marbh.”
20. D'éirigh Dáiví ón urlár, nigh agus d'ungaigh é féin, agus chuir malairt éadaigh air féin. Ansin chuaigh sé isteach i dteach an Tiarna agus rinne adhradh. Ar fhilleadh chun a thí dó, d'iarr sé bia, leagadh os a chomhair é agus chaith sé é.