21. Chuir Iéahú teachtairí ar fud Iosrael agus tháinig lucht adhartha Bhál go léir, agus níor fhan oiread agus duine gan teacht. Isteach leo i dteampall Bhál agus líonadh teampall Bhál ó cheann ceann.
22. Ansin dúirt Iéahú le coimeádaí na n‑éidí: “Tabhair amach na héidí do lucht adhartha Bhál go léir,” agus thug sé amach na héidí dóibh.
23. Chuaigh Iéahú ansin isteach i dteampall Bhál le Iahónádáb mac Raecáb agus dúirt le lucht adhartha Bhál: “Cuardaigí agus déanaigí deimhin de nach bhfuil aon searbhónta leis an Tiarna anseo in bhur measc, ach lucht adhartha Bhál amháin.”
24. Ansin ghabh [sé] isteach le hofrálacha agus íobairtí loiscthe a ofráil.Bhí ceithre fichid fear curtha lasmuigh ag Iéahú á rá leo: “An té a ligfidh d'aon duine den mhuintir a thabharfaidh mé in bhur lámha éalú, díolfaidh sé as lena anam.”
25. A luaithe dá bhrí sin a bhí an íobairt loiscthe ofráilte aige dúirt Iéahú leis an ngarda agus leis na hoifigigh: “Isteach libh agus cuirigí chun báis iad; ná scaoiligí le haon duine.” Agus chuaigh an garda agus na hoifigigh isteach agus chuireadar iad go léir chun báis go dtí gur bhaineadar amach sanctóir theampall Bhál.
26. Thógadar an [cuaille naofa] as teampall Bhál agus dhódar é.