2 Macabaech 13:6-11 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

6. An té a dhaorfaí i gcoir naomhthruaillithe nó a bheadh tromchiontach i gcoireanna áirithe eile, [tugann siad in airde é], agus ropann siad go léir ar aghaidh chun a ídithe é.

7. Tháinig sé de chor sa saol gur mar sin a fuair an ropaire Meanalás bás, gan fiú adhlacadh sa chré.

8. Agus ní raibh ansin ach lomlán an chirt; mar is iomaí peaca a rinne sé in aghaidh na haltóra ar naofa í a tine agus a luaithreach, ach fuair sé bás sa luaithreach.

9. Bhí an rí ar a bhealach agus a chroí ag borradh le bearta barbartha agus é ar aigne aige nithe i bhfad níos measa ná mar a bhí déanta ag a athair a nochtadh os comhair a súl do na Giúdaigh.

10. Ach nuair a chuala Iúdás é sin, d'ordaigh sé don phobal glaoch ar an Tiarna de lá agus d'oíche, teacht i gcabhair, anois nó riamh, ar an muintir a rabhthas ar tí idir dhlí agus thír agus Theampall naofa, a bhaint díobh,

11. agus gan a ligean don mhuintir nach raibh ach ag teacht chucu féin titim isteach i lámha na ngintlithe diamhaslaitheacha.

2 Macabaech 13