8. Bítear dár gciapadh ó gach taobh ach nílimid teanntaithe; bímid i gcruachás ach nílimid in éadóchas;
9. bítear dár ngéarleanúint ach nílimid tréigthe; bítear dár síneadh ach nílimid díscithe.
10. Bíonn bás Íosa ar iompar inár gcorp againn de shíor ar shlí go mbeadh beatha Íosa le feiceáil inár gcorp chomh maith.
11. Fad is beo sinn bímid dár dtabhairt suas chun báis de shíor ar son Íosa, ionas go mbeadh beatha Íosa soiléir le feiceáil inár gcolainn bhásmhar.
12. Dá réir sin is é an bás atá ag obair ionainne fad atá an bheatha ag obair ionaibhse.