2 Corantaigh 1:1-3 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Mise Pól, aspal le hÍosa Críost de dheonú Dé, agus an bráthair Tiomóid. Beannaímid d'eaglais Dé i gCorant agus dá bhfuil de naoimh in Acháia ar fad.

2. Grásta agus síocháin chugaibh ó Dhia an tAthair agus ón Tiarna Íosa Críost.

3. Moladh le Dia, le hAthair ár dTiarna Íosa Críost, le hAthair gach trócaire agus le Dia an tsóláis uile.

2 Corantaigh 1